An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Má táthar chun cleachtadh i slí ghairmiúil is cóir go
mbeadh scileanna, eolas, luachanna agus meon ag
lucht cleachtaithe a oireann dá ról agus dá
bhfreagracht sa suíomh. Ina theannta sin, tá gá le
machnamh rialta ar chleachtas agus le forbairt
ghairmiúil leanúnach le tacaíocht.
Comhpháirt 11.1 | Comhpháirt 11.2 | Comhpháirt 11.3 | Comhpháirt 11.4 | Comhpháirt 11.5
Comhpháirt 11.1 - Is féidir leis na daoine fásta go léir atá ag obair sa suíomh fianaise a thabhairt go bhfuil leibhéil chuí scileanna agus eolais acu a oireann dá ról agus dá bhfreagrachtaí.
Deis Mhachnaimh
11.1.1Cad iad na leibhéil cháilíochta atá sroichte ag na daoine fásta atá ag obair sa suíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An féidir le daoine fásta atá ag obair go díreach le páistí sa suíomh a léiriú go bhfuil scileanna agus eolas acu i réimsí lárnacha a bhaineann lena ról agus a bhfreagrachtaí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An bhfuil siad siúd i rólanna bainistíochta cáilithe go leibhéal na bunchéime ar a laghad nó a chomhionann?
An bhfuil daoine fásta atá ag obair i bpoist neamhspleácha nó mhaoirseachta cáilithe ar a laghad go Comhairle na nDamhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) Leibhéal 6 nó a chomhionann?
An áirítear gach duine fásta d'fhonn coibhneasa de dhaoine fásta le páistí a oibriú amach sa suíomh cáilithe go Leibhéal 5 FETAC nó a chomhionann?
An gcaitear le gach duine fásta eile nach bhfuil cáilithe nó atá i mbun oiliúna agus cáilíochtaí mar dhaoine breise sa suíomh?
An bhfuil siad siúd atá ag obair i bpoist thacaíochta cáilithe go cuí?
Cén cruthúnas ar féidir le daoine fásta a chur ar fáil chun na leibhéil scileanna agus eolais atá bainte amach acu a léiriú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 11.2 - Glacann na daoine fásta go léir le prionsabail áirithe lárnacha a threoraíonn gach gné dá gcleachtas i suímh chúraim agus oideachais luath-óige.
Deis Mhachnaimh
11.2.1Cad iad na prionsabail lárnacha a threoraíonn agus a thugann bonn don chleachtas i do shuíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad iad na próisis a léiríonn an tionchar atá ag do ráiteas prionsabal/físe ar chleachtais i do shuíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 11.3 - Cuireann an suíomh deiseanna rialta ar fáil go fial do chleachtóirí machnamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtas agus cuidiú le cleachtas atá ar ardchaighdeán a fhorbairt sa suíomh.
Deis Mhachnaimh
11.3.1Cad iad na próisis atá i bhfeidhm chun am a thabhairt do chleachtóirí macnamh a dhéanamh ar a gcleachtas, d'fhonn na réimsí siúd ina bhfuil sé riachtanach breis eolais a fháil agus cur chuige difriúil a ghlacadh a aithint?
Cé chomh minic is a leagtar amach am i do shuíomh chun macnamh grúpa a dhéanamh agus plé a dhéanamh ar an gcleachtas?
Cén chaoi a spreagtar cleachtóirí a dtaithí agus a smaointe a roinnt maidir le cleachtas sa suíomh? Féach 16.1
Comhpháirt 11.4 - Spreagtar daoine fásta laistigh den suíomh chun páirt a ghlacadh go fairsing agus go leanúnach i bhforbairt ghairmiúil agus cuirtear acmhainní chuí ar fáil dóibh chuige sin.
Deis Mhachnaimh
11.4.1Cén cineál gníomhaíochta um forbairt ghairmiúil ina nglacann na daoine fásta atá ag obair sa suíomh páirt?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a spreagtar cleachtóirí páirt a ghlacadh i bhforbairt ghairmiúil?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé chomh minic is a dhéantar breathnóireacht rialta ar chleachtóirí sa suíomh agus a dtugtar aischothú dóibh ó dhuine atá cleachtaithe le spriocanna, cuspóirí agus modhanna oibre le páistí an churaclaim/an chláir
Cén chaoi a mbaintear úsáid as caidrimh oibre comhoibritheacha le seirbhísí eile sa phobal chun tacú le forbairt phroifisiúnta na gcleachtóirí? Féach 16.1 / 16.3
Comhpháirt 11.5 - Léiríonn daoine fásta go bhfuil tuiscint agus mothálacht acu do na paistí agus dá dteaghlaigh agus go bhfuil siad ceanúil orthu.
Deis Mhachnaimh
11.5.1Cén chaoi a n-aithnítear iarrachtaí páistí indibhidiúla agus cén chaoi a dtugtar spreagadh dóibh? Féach 5.3 / 5.4
Cén chaoi a dtugann tú an t-eolas seo le fios do thuismitheoirí agus teaghlaigh?? Féach 3.1
Cén chaoi a dtugann daoine fásta spreagadh do pháistí idirghníomhú le chéile, agus aghaidh a thabhairt ar a chéile le haghaidh cúnaimh i rith an lae? Féach 5.1 / 5.2
Cén chaoi a bhfreagraíonn daoine fásta go híogaireach do na riachtanais atá ag tuismitheoirí eolas agus athdhearbhú a fháil ar fholláine a bpáiste? Féach 3.3 Féach 12.2