An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Má táthar chun deimhin a dhéanamh de go mbíonn chuile dhuine rannpháirteach i gcinneadh a ghlacadh, tá gá le comhairliúchán a chuireann rannpháirtíocht chun cinn, a lorgaíonn dearcaidh agus tuairimí páistí, tuismitheoirí, lucht foirne, agus páirtithe leasmhara eile de réir mar is cuí, a éisteann leo agus a ghníomhaíonn dá réir.
Comhpháirt 4.1 - Lorgaíonn foireann an tsuímh cabhair agus comhairle ó raon leathan páirtithe leasmhara maidir le próisis déanta cinnidh agus straitéisí ar mhaithe le forbairt agus soláthar na seirbhíse.
Deis Mhachnaimh
4.1.1Cén chaoi a spreagann tú comhcomhairle leis an bhfoireann, le tuismitheoirí, le páistí agus le páirtí leasmhara cuí eile?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén plean atá ann chun a chinntiú go spreagtar go gníomhach roinnt tuairimí agus barúlacha, agus go dtaifeadtar go cuí iad? Féach 10.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard iad na straitéisí a mbaineann daoine fásta úsáid astu chun an cumas atá ag páistí a gcuid tuairimí a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann lena dtaithí laethúil a spreagadh agus a thacú? Féach 5.4
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard iad na deiseanna atá ar fáil do pháistí chun pleananna a dhéanamh agus daoine fásta a chur ar an eolas maidir lena gcuid pleananna? Féach 7.3
Cén chaoi a léiríonn tú/do shuíomh meas ar spriocanna agus ar roghanna tuismitheoirí dá bpáiste? Féach 3.3
Cén chaoi a ndéantar taifead ar ionchur páistí, tuismitheoirí, teaghlaigh agus páirtí leasmhara ábhartha eile ionas go n-imreoidh sé tionchar ar an bpróiseas déanta cinntí?
Cén chaoi a dtugann tú aiseolas do na rannpháirtithe a ndeachaigh tú i gcomhcomhairle leo?
Comhpháirt 4.2 - Cuireann foireann an tsuímh i bhfeidhm, de réir mar is cuí, comhairle an raon leathan páirtithe leasmhara maidir le próisis déanta cinnidh agus straitéisí ar mhaithe le forbairt agus soláthar na seirbhíse.
Deis Mhachnaimh
4.2.1Cén chaoi a n-úsáidtear na tuairimí agus na barúlacha a bailíodh trí chomhcomhairle chun gach gné de chleachtas a athbhreithniú agus a athchóiriú go rialta?
Cén chaoi a dtugtar spreagadh don fhoireann freagracht a ghlacadh as cur i bhfeidhm gníomhartha a bhfuil comhaontú orthu? Féach 10.5
An bhfuil lámhleabhar polasaithe agus nósanna imeachta agat a cuireadh i dtoll a chéile i gcomhcomhairle le tuismitheoirí, baill foirne, bainistíocht, agus mar is cuí, na páistí sa suíomh?
Cén chaoi a gcinntíonn tú gur cáipéisí oibre do pholasaithe agus do nósanna imeachta agus go ndéantar athchóiriú agus nuashonrú orthu ar bhonn rialta? Féach 8.1
Cén chaoi a n-imríonn comhcomhairle tionchar ar dhearadh agus ar fhorbairt an churaclaim/an chláir gníomhaíochtaí laistigh den suíomh?