An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Má táthar chun cleachtadh i slí ghairmiúil is cóir go mbeadh scileanna, eolas, luachanna agus meon ag lucht cleachtaithe a oireann dá ról agus dá bhfreagracht sa suíomh. Ina theannta sin, tá gá le machnamh rialta ar chleachtas agus le forbairt ghairmiúil leanúnach le tacaíocht.
Comhpháirt 11.1 | Comhpháirt 11.2 | Comhpháirt 11.3 | Comhpháirt 11.4 | Comhpháirt 11.5
Comhpháirt 11.1 - Is féidir leis na daoine fásta go léir atá ag obair sa suíomh fianaise a thabhairt go bhfuil leibhéil chuí scileanna agus eolais acu a oireann dá ról agus dá bhfreagrachtaí.
Deis Mhachnaimh
11.1.1Cad iad na leibhéil cháilíochta atá bainte amach ag múinteoirí/aosaigh atá ag obair sa scoil?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An dtig le haosaigh atá ag obair go díreach le páistí sa scoil a léiriú go bhfuil scileanna agus eolas acu sna croíréimsí cuí dá ról agus dá bhfreagrachtaí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An bhfuil aosaigh atá ag obair i bpost tacaíochta cáilithe mar is cuí?
Cad í an fhianaise a thig le haosaigh/múinteoirí a sholáthar chun an leibhéal scileanna agus eolais atá bainte amach acu a léiriú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 11.2 - Glacann na daoine fásta go léir le prionsabail áirithe lárnacha a threoraíonn gach gné dá gcleachtas i suímh chúraim agus oideachais luath-óige.
Deis Mhachnaimh
11.2.1Cad iad na príomhphrionsabail a threoraíonn agus a chinnean cleachtas i do scoil?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad iad na próisis a léiríonn an bealach ar a mbíonn tionchar ag do phrionsabail/ráiteas físe ar an gcleachtas i do scoil?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 11.3 - Cuireann an suíomh deiseanna rialta ar fáil go fial do chleachtóirí machnamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtas agus cuidiú le cleachtas atá ar ardchaighdeán a fhorbairt sa suíomh.
Deis Mhachnaimh
11.3.1Cad iad na próisis atá ann chun ceadú do mhúinteoirí/foireann eile machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas féin chun réimsí ina bhfuil sé riachtanach tuilleadh eolais a fháil nó athrú a dhéanamh ar an gcur chuige a shainaithint?
Cé chomh minic is a bhíonn am do mhachnamh agus plé grúpa/foirne maidir le cleachtas i do scoil?
Cén dóigh a spreagtar múinteoirí/foireann eile lena n-eispéireas agus smaointe a roinnt maidir le cleachtas sa scoil? Féach 16.1
Comhpháirt 11.4 - Spreagtar daoine fásta laistigh den suíomh chun páirt a ghlacadh go fairsing agus go leanúnach i bhforbairt ghairmiúil agus cuirtear acmhainní chuí ar fáil dóibh chuige sin.
Deis Mhachnaimh
11.4.1Cén cineál gníomhaíocht forbartha gairmiúla a nglacann múinteoirí/aosaigh atá ag obair sa scoil páirt inti?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén dóigh a spreagtar aosaigh/múinteoirí le bheith bainteach i bhforbairt ghairmiúil?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 11.5 - Léiríonn daoine fásta go bhfuil tuiscint agus mothálacht acu do na paistí agus dá dteaghlaigh agus go bhfuil siad ceanúil orthu.
Deis Mhachnaimh
11.5.1Cén dóigh a ndéantar iarrachtaí agus smaointe páistí aonair a aithint agus a spreagadh? Féach 5.3 / 5.4
Cén dóigh a gcuirtear an t-eolas seo in iúl do thuismitheoirí agus teaghlaigh? Féach 3.1
Cén dóigh a spreagtar páistí chun idirghníomhú lena chéile agus a bheith ábalta cuidiú a iarraidh ó chéile le linn an lae? Féach 5.1 / 5.2
Cén dóigh a bhfreagraíonn múinteoirí/aosaigh go híogair do riachtanais tuismitheoirí d'eolas agus athdheimhniú maidir le folláin a bpáistí? Féach 3.3 Féach 12.2