An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Chun gach gné de chleachtas laistigh den suíomh a shaibhriú agus a threorú, is gá timthriallta breathnóireachta, pleanála, gnímh agus meastóireachta a dhéanamh go rialta.
Comhpháirt 8.1 | Comhpháirt 8.2 | Comhpháirt 8.3 | Comhpháirt 8.4
Comhpháirt 8.1 - Déantar athbhreithniú rialta ar gach aon réimse Caighdeánach cleachtais trí phróisis oiriúnaithe cuí breathnadóireachta, pleanála, gníomhaíochta agus meastóireachta.
Deis Mhachnaimh
8.1.1Cad iad na cineálacha próiseas athbhreithnithe atá oiriúnach do gach ceann de na 16 Chaighdeán a bhaineann go sonrach le Síolta?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé chomh minic is a dhéanann tú athbhreithnithe laistigh de chatagóirí cleachtais na gCaighdeán?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad iad na gnéithe sna Caighdeáin ar gá athbhreithniú a dhéanamh orthu níos minice ná cinn eile?
Comhpháirt 8.2 - Tá struchtúir athbhreithnithe aontaithe, a bhfuil fianaise scríofa orthu ag an suíomh.
Deis Mhachnaimh
8.2.1Cad iad na struchtúir athbhreithnithe atá i bhfeidhm i do sheomra ranga/scoil?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 8.3 - Tá córas ann chun cinnte a dhéanamh de go dtagann athruithe i gcleachtas as na próisis athbhreithnithe.
Deis Mhachnaimh
8.3.1Nuair a bhíonn athrú léirithe ag an bpróiseas athbhreithnithe, cén dóigh a ndéantar an t-athrú sin a ionchorprú i gcleachtas?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 8.4 - Déantar taifeadadh, stóráil, agus roinnt ar thorthaí na struchtúr agus próiseas athbhreithnithe, mar is cuí.
Deis Mhachnaimh
8.4.1Cén dóigh a ndéanann tú do próisis athbhreithnithe a dhoiciméadú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén dóigh a gcinntíonn tú go bhfuil taifid stóráilte agus roinnte mar is cuí, ag cinntiú rúndachta? Féach 10.6 Féach 12.2 / 12.3