Caighdeán 1: Cearta an Pháiste
Chun a chinntiú go gcomhlíontar cearta gach páiste, is cóir go gcuirtear ar a c(h)umas roghanna a dhéanamh agus a bheith gníomhach as a stuaim féin mar rannpháirtí agus comhpháirtí ina c(h)uid forbartha agus foghlama féin.
Comhpháirt 1.1 | Comhpháirt 1.2 | Comhpháirt 1.3
Bíonn deis ag gach páiste roghanna a dhéanamh, cuirtear ar chumas gach páiste cinnidh a dhéanamh, agus bíonn meas ar na roghanna agus ar na cinnidh sin.
Deis Mhachnaimh
1.1.1Cén dóigh a ndéanann tú mothú rialaithe an pháiste maidir lena h/eispéiris agus g(h)níomhaíochtaí laethúla a chothú? Féach 5.3 / 5.4
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Deiseanna don pháiste roghanna a bheith aici/aige agus cinntí a dhéanamh
- Dúshláin do na múinteoirí/an scoil chun meas a bheith acu ar roghanna agus chinntí an pháiste
- Cothromaíocht a fháil idir gníomhaíocht a roghnaíonn an páiste (treoraithe) agus gníomhaíocht a roghnaíonn an múinteoir (treoraithe)
- A chinntiú go bhfuil leibhéal an rogha oiriúnach don pháiste
- Deiseanna don pháiste gníomhaíochtaí a phleanáil
- A chur ar chumas páistí ag a bhfuil deacrachtaí teanga agus cumarsáide a bpleananna a roinnt
- Dúshláin do na múinteoirí maidir le cur ar chumas páistí le riachtanais speisialta (m. sh., scileanna cumarsáide, luaileacha, &rl.) roghanna a bheith acu agus cinntí a dhéanamh
- Deiseanna don pháiste a p(h)leananna agus g(h)níomhaíochtaí féin a athbhreithniú
- Freastal ar shuimeanna an pháiste sa ghnáthamh laethúil
Comhpháirt 1.2 Bíonn deiseanna ag gach páiste agus cuirtear ar chumas gach pháiste bheith ina cheannaire, tús a chur le gníomhaíocht, bheith neamhspleách mar is cuí, agus tacaítear le gach páiste fadhbanna a réiteach.
Deis Mhachnaimh
1.2.1Cén dóigh a soláthraítear deiseanna don pháiste laistigh den ghnáthamh laethúil chun tús a chur le gníomhaíochtaí í/é féin agus a bheith neamhspleách mar is cuí? Féach 7.3
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Deiseanna chun fadhbanna a thagann os comhair an pháiste le linn ghníomhaíochtaí agus ghnáthaimh an lae a réiteach
- Na fadhbanna a dtagann tú i ngleic leo lena chinntiú, mar cheist ghnáthaimh, go nglacann an páiste treoir agus go gníomhaíonn sí/sé leis na leibhéil chuí neamhspleáchais
- Cás nuair a roghnaigh, d'eagraigh agus ghlac an páiste treoir i ngníomhaíocht ar thacaigh tusa an próiseas agus ar chuir tú béim ar a rath Féach 7.3
- Tacú le gníomhaíocht ar chuir páiste tús léi don pháiste le míchumas
- Deiseanna a sholáthar don pháiste chun aire a thabhairt dá g(h)iúirléidí féin agus do ghiúirléidí an tseomra ranga/na scoile
- A chur ar chumas an pháiste aire a thabhairt di/dó féin
- An Chomhpháirt seo a chur i bhfeidhm trí shúgradh istigh agus amuigh
- An Chomhpháirt seo a ionchroprú isteach in amanna béile/sneaice agus amanna glanta suas
Comhpháirt 1.3 Cuirtear ar chumas gach pháiste páirt ghníomhach a ghlacadh sa ghnáthamh laethúil, i ngníomhaíochtaí, i gcomhráite agus in imeachtaí ar bith eile de réir mar is cuí, agus tuigeann an duine fásta go bhfuil an páiste ina pháirtí aici/aige.
Deis Mhachnaimh
1.3.1Cén dóigh a gcuireann tú ar chumas gach páiste (an páiste le riachtanais speisialta san áireamh) a bheith rannpháirteach lena p(h)iaraí? Féach 5.1
1.3.2Cén dóigh a gcinntíonn tú go nglacann gach páiste páirt sna gníomhaíochtaí roinnte a oireann dá m(h)eon féin? Féach 5.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Tacú le rannpháirtíocht gach páiste i ngrúpghníomhaíocht
- Deacrachtaí a tharlaíonn i measc páistí le linn grúpghníomhaíochta a bhainistiú
- Measúnú a dhéanamh maidir leis an am le hidirghabháil a dhéanamh i súgradh páistí chun cuidiú a thairiscint dóibh Féach 6.6
- A chinntiú go bhfuil an páiste mar pháirtí dá f(h)oghlaim féin i gcónaí
- Dúshláin duitse maidir le breathnú ar an bpáiste mar pháirtí
- Deis a thabhairt don pháiste tús a chur le gníomhaíocht agus cuireadh a thabhairt do pháistí eile páirt a ghlacadh
- Sofhreagracht agus íogaireacht a thaispeáint don pháiste nuair a bhíonn tú gafa léi/leis Féach 5.4