An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Chun leanúnachas eispéireas a chinntiú do gach páiste, is gá polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtais a bheith ann a bhfuil sé mar aidhm acu aistrithe a láimhseáil go comhthuisceanach. Is cóir go mbeadh na príomhchaidrimh buanseasmhach agus go mbeadh cumarsáid taobh istigh de shuímh agus ó shuíomh go suíomh. Is gá, chomh maith, eolas ábhartha a thaifeadadh agus a chur ar aghaidh (le cead na dtuismitheoirí), agus is gá na tuismitheoirí agus daoine gairmiúla cuí a bheith rannpháirteach go dlúth.
Comhpháirt 13.1 | Comhpháirt 13.2 | Comhpháirt 13.3 | Comhpháirt 13.4
Comhpháirt 13.1 - Déantar aistrithe réidhe a éascú agus a chur chun cinn trí bhuanchaidrimh lárnacha a sholáthar laistigh den suíomh.
Deis Mhachnaimh
13.1.1Cén dóigh a dtacaíonn an scoil le buanchaidrimh lárnacha do pháistí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 13.2 - Déanann an suíomh aistrithe réidhe a chur chun cinn trí chomhoibriú cuí laistigh de na suímh agus idir na suímh a chinntiú.
Deis Mhachnaimh
13.2.1Cén dóigh a dtacaíonn do scoil le haistriú an pháiste isteach sa/laistigh de/ón seomra ranga na naíonán?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 13.3 - Glactar comhairle ó thuismitheoirí, ó pháistí agus ó ghairmithe cuí agus bíonn siadsan ag obair chun a chinntiú go mbíonn na haistrithe chomh réidh agus is féidir do na páistí.
Deis Mhachnaimh
13.3.1Cén dóigh a ndéantar comhchomhairle le tuismitheoirí, páistí agus gairmithe cuí i gcás aistrithe páistí go dtí/ laistigh de/ó do scoil agus cén bhaint a bhíonn acu leis? Féach 4.1
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 13.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe, na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann le haistrithe laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.
Deis Mhachnaimh
13.4.1Cén dóigh a dtacaíonn polasaithe agus gnásanna le do ghníomhaíochtaí maidir le haistrithe na bpáistí? Féach 10.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)