Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Síolta - Lámhleabhar Tosaigh

Cuid a Ceathair - Measúnú ar Ardchaighdeán
Réasúnaíocht

Tá an phríomhréasúnaíocht atá ann do mheasúnú a dhéanamh le creatlach Síolta le fáil sa Pháipéar Bán ar an Oideachas LuathÓige, Ready to Learn (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a). Príomhphrionsabal den doiciméad seo is ea a aithint go bhfuil fíorthábhacht ag baint le caighdeán an tsoláthair seirbhíse i saol na leanaí óga agus a dteaghlach (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a:43). D'fhonn tacú le forbairt seirbhísí ar ardchaighdeán, moladh gur cheart córas náisiúnta um dhearbhú ardchaighdeán a cheapadh, córas a bheadh éigeantach do na seirbhísí uile a fhaigheann maoiniú ón stát agus a bheadh deonach do na seirbhísí eile ar fad. Príomhchuid den chóras seo a bheadh sa mheasúnú agus ar deireadh thiar bheadh gradam le fáil sa chás go n-éireodh le soláthróirí na caighdeáin cháilíochta réamhshocraithe a bhaint amach.


Is léir ón bPaipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige go gciallóidh aitheantas a bhaint amach trí ghradam, go mbeidh rannpháirtíocht i bpróiseas forbarthach i gceist a mbeidh tacaíocht agus treoir ag teastáil uaidh (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a:121). Measadh go gcuirfeadh measúnú a mbeadh baint aige le córas gradaim na próisis fhorbarthacha a raibh seirbhísí páirteach iontu san áireamh:

"Inspectors will also assist providers to attain the QE [Quality in Education] standards by identifying the areas where improvements are required and by suggesting approaches which providers could take to achieve the improvements."
(An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a:121)

Níl a leithéid de mhúnla forbarthach gan fasach in Éirinn. Tá córas tacaíochta i bhfeidhm ag a lán de na heagraíochtaí pobail agus deonacha (Féach Cuid a dó) do sholáthróirí atá ag iarraidh a sainchritéir ardchaighdeáin féin a bhaint amach (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b). Baineann scéimeanna um dhearbhú ardchaighdeáin idirnáisiúnta úsáid as múnlaí forbarthacha de mheasúnú agus dearbhú ardchaighdeáin freisin (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004c). Tá cuid de na múnlaí reachtúla de dhearbhú hardchaighdeáin is forbartha san Astráil agus sa Nua-Shéalainn, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá tá clár forbartha ag an Association for the Education of Young Children (NAEYC), atá curtha i bhfeidhm go forleathan. (NAEYC, 2005; National Childcare Accreditation Council Inc., 2004a; 2004b; 2004 c).


Tá leas bainte ag Síolta as múnlaí measúnaithe ardchaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta sa COLO. Tá faisnéis faighte ag Síolta freisin ó thaighde comhairliúcháin náisiúnta atá déanta ag an Lárionad, a bhí ag lorg tuairime sainiúla faoi mheasúnú sa COLO in Éirinn. Léirigh forthorthaí an chomhairliúcháin seo go raibh comhaontú láidir ann go mbeadh na gnéithe éagsúla de, agus peirspictíochtaí ar ardchaighdeán, mar bhunús le measúnú ar bith ar ardchaighdeán. Lena chois sin, cuireadh anbhéim ar an riachtanas atá ann go mbeadh measúnú inmheánach agus seachtrach ann, agus ar phróisis mheasúnaithe mhúnlaitheacha agus chríochnaitheacha. Chomh maith leis sin, leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le hoscailteacht agus trédhearcacht i bpróisis mheasúnaithe, d'fhonn bailíocht agus iontaofacht agus 'cothroime' na gcritéir d'ardchaighdeán a chinntiú (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004a).


Próisis mheasúnaithe

Beidh ról bunúsach maidir le próisis athraithe a spreagadh agus a atreisiú ag an measúnú a dhéanfar ar ardchaighdeán laistigh de Síolta. I gcomhthéacsanna go leor, is féidir linn a thabhairt faoi deara go mbeidh tionchar ag an ábhar a bheidh á mheasúnú ar nádúr an chleachtais. Tá ciallachas d'fhorbairt ardchaighdeáin ag an ráiteas seo a leanas a bhaineann le hathchóiriú curaclaim:

"Assessment is the tail that wags the curriculum dog. If we want to see real curriculum reform, we must simultaneously achieve reform of assessment practices."
(Bredekamp agus Rosegrant, 1992:29)

Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin go ndíríonn cleachtais mheasúnaithe ar fhorbairtí a bhaineann amach fís Síolta mar atá sé leagtha amach sna Prionsabail, Caighdeáin agus Comhpháirteanna.


Léiríonn Fíor 3 thíos, bís feabhsúcháin na Creatlaí a shamhlaíonn an triall ar ardchaighdeán sna seirbhísí COLO mar phróiseas leanúnach spreagtha agus treisithe trí thimthriallta measúnaithe, forbartha agus gníomhaíochta.


- Fíor 3: Bís feabhsúcháin cáilíochta Síolta
Fíor 3: Bís feabhsúcháin cáilíochta Síolta

Is féidir measúnú laistigh de Síolta a chur i gcatagóirí go ginearálta, mar fhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil, seachtrach nó inmheánach, ag brath ar an am nó ar an gcomhthéacs. Cé gur féidir gach ceann de na tuarascálacha seo a lua le tréithe sainiúla, mar atá leagtha amach thíos, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara i gcomhthéacs Síolta go bhfuil na tréithe uile idirspleách agus ar comhluach.


Tá measúnú foirmiúil beartaithe, déantar measúnú ag eatraimh rialta, déantar é a dhoiciméadú agus cuirtear torthaí ar fáil i sonraí achoimre. Luaitear an cineál seo measúnaithe le córais chigireachta nó bhailíochtaithe, córais a mbíonn gradam le fáil nuair a bhíonn siad tugtha chun críche. I gcás Síolta, tagraíonn sé do phróiseas a bhaint amach nó a chríochnú, mar shampla, Comhpháirt nó Caighdeán ar leith nó ar deireadh gradam a fháil.


Cuirfidh measúnú neamhfhoirmiúil go mór leis na spriocanna nó na cuspóirí sin a bhaint amach; ach, is cosúil go mbeidh an measúnú neamhfhoirmiúil leanúnach, féinathmhachnamhach nó dioscúrsach. Arís, cé go mb'fhéidir go mbeidh gá le taifid a choinneáil, tá seans ann go mbeidh na taifid chomhleanúnach agus go mbeidh faisnéis le fáil iontu do dhaoine nó do ghrúpaí maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh chun spriocanna agus cuspóirí a bhaint amach.


Tharraing comhairliúchán le páirtithe leasmhara in earnáil an COLO aird ar an tábhacht a bhain le cothromaíocht maidir le soláthar ardchaighdeán a fhorbairt idir próisis mheasúnaithe sheachtracha agus inmheánacha (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004a).


Tuigtear go léiríonn measúnú seachtrach fionnachtana na bpáirtithe seachtracha ar chleachtais inmheánacha. D'fhéadfaí an argóint a dhéanamh go mbíonn baint ag tuismitheoirí le foirm éigin de mheasúnú seachtrach ar sheirbhísí nuair a dhéanann siad cinneadh maidir leis an suíomh COLO a roghnaíonn siad dá leanaí. D'fhéadfadh clárú linbh i suíomh COLO a léiriú go bhfuil foirm de mheasúnú seachtrach déanta ag an tuismitheoir, measúnú bunaithe ar chritéir phearsanta a bheadh ag an tuismitheoir féin. Cé go mb'fhéidir go bhfuil comhghaol idir rogha tuismitheoirí agus caighdeán na seirbhíse áfach, ní mór a thabhairt faoi deara go bhféadfadh na srianta a d'fhéadfadh a bheith ar thuismitheoirí (cosúil le suíomh tíreolaíochta, inrochtaineacht nó inacmhainneacht) níos mó tionchair a imirt ná caighdeán measta na seirbhíse.

De ghnáth, déanfar measúnú seachtrach trí chórais chigireachta reachtúla agus próisis meastóireachta nó monatóireachta a dhéanann daoine nó gníomhaireachtaí, cosúil le maoirseoirí oiliúna, comhlachtaí cistiúcháin, srl. Tá sé riachtanach go gceapfar go mbeidh measúnú seachtrach den sórt sin comhsheasmhach, oibiachtúil agus cothrom. Chuige sin, ní mór go mbeadh an measúnú bunaithe ar chritéir agus próisis oscailte agus trédhearcacha agus ba cheart daoine feiliúnacha, oilte a bheadh ina bhun. Ina theannta sin, ní mór go gcuirfeadh sé san áireamh an réimse éagsúil cur chuige maidir le measúnú ar féidir iad a úsáid le hardchaighdeán a bhaint amach.


Go ginearálta, tagraíonn measúnú inmheánach do phróisis athmhachnamhacha ar féidir le cleachtóir aonair, grúpaí agus/nó foirne a reáchtáil laistigh de shuímh nó fiú cnuasghrúpa de shuímh a bhfuil comhaontas déanta acu chun cleachtas ar ardchaighdeán a fhorbairt. Is féidir úsáid a bhaint as raon leathan modhanna, mar shampla, breathnóireacht, taighde feidhmeach, irischoimeád, srl. In ainneoin na modhanna áfach, is iondúil go gcuirfidh an fhaisnéis a bhailítear le hidirphlé forbarthach ar na próisis a bhaineann le soláthar seirbhíse.


Síolta mar chreatlach do mheasúnú

Tá Síolta deartha chun na foirmeacha measúnaithe uile a éascú agus tacú leo. Ní féidir tuiscint a fháil ar an saibhreas agus ar an éagsúlacht a bhaineann le cleachtas COLO in Éirinn trí lionsa measúnaithe chaoil. Beidh gá le modhanna measúnaithe éagsúla agus síltear go mbeidh gné riachtanach den mhúnla tacaíochta molta d'ardchaighdeán (féach ar an gcéad Chuid eile) ag díriú ar chleachtóirí agus measúnóirí a ullmhú le páirt a ghlacadh i raon leathan modhanna agus cur chuige measúnaithe. Ní bheadh an tsolúbthacht seo ann maidir leis na bealaí a dhéanann cleachtóirí measúnú agus meastóireacht ar a seirbhíse, ach amháin mar gheall ar láidreacht agus daingne na bpríomheilimintí de Síolta, i.e., Caighdeáin agus Comhpháirteanna Cáilíochta. Is iad sin an tslat tomhais do gach measúnú, agus dá réir sin, cuirfidh siad faisnéis ar fáil agus beidh siad mar fhócas d'fhorbairtí i gcleachtas.


Mar shampla, beidh cleachtóir aonair, a bhfuil fonn uirthi/air measúnú a dhéanamh ar a c(h)leachtas féin, in ann leas a bhaint as raon sonraí measúnaithe. D'fhéadfaí go mbeadh iris cleachtaidh a choinneáil, fáiltiú roimh bhreathnóireacht piara, rannpháirtíocht i scrúduithe nó tástálacha oideachais foirmiúla san áireamh ann. Chomh fada agus atá na Príomh- Chaighdeáin mar an tslat tomhais do mheasúnú sna próisis ar fad, cuirfidh na sonraí fianaise luachmhar ar fáil don chleachtóir ar a leibhéal feidhmíochta maidir le Síolta. Go deimhin, dea-chleachtas is ea leas a bhaint as níos mó ná foinse sonraí measúnaithe amháin, mar go gciallaíonn comhsheasmhacht sna modhanna ar fad go bhfuil seans níos mó ann go mbeidh forthoradh an mheasúnaithe beacht agus iontaofa. Léiríonn Fíor 4 thíos an phríomhthuiscint i bhfoirm léaráide.


- Fíor 4: An ghaolmhaireacht idir modhanna measúnaithe agus na Caighdeáin Cháilíochta
Fíor 4: An ghaolmhaireacht idir modhanna measúnaithe agus na Caighdeáin Cháilíochta


An múnla measúnaithe molta faoi Síolta.

Pléann an chéad chuid eile próisis ar cheart a bheith san áireamh i múnla measúnaithe ar bith a d'fhéadfadh a bheith ann i gcomhthéacs Síolta. Tuigtear ag an gcéim seo d'fhorbairt na Creatlaí nach bhfuil próisis mheasúnaithe baileach críochnaithe agus go mbainfidh siad leas as an bplé agus an comhairliúchán le páirtithe leasmhara. Léiríonn na moltaí seo, áfach, meascán de dhea-chleachtas, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, maidir le measúnú a ghlacann próisis fhorbarthacha d'athrú i dtreo ardchaighdeán a bhaint amach.


Céimeanna measúnaithe

Tá roinnt próiseas ar leith a bhféadfadh seirbhísí a úsáid maidir le measúnú faoin gCreatlach. Is féidir go mbeadh na próisis seo a leanas ina measc:

  • Clárú;
  • Bailiú fianaise agus cur leis an bportfóilió;
  • Bailíochtú.

Déantar iniúchadh ar gach ceann de na próisis sin thíos.

Clárú

Ag an bpointe seo, tá soláthróirí seirbhíse ag léiriú suime baint a bheith acu le Síolta. Féadfar faisnéis, ag tabhairt níos mó sonraí faoi na próisis tosaigh measúnaithe, a sheoladh chuig an soláthróir seirbhíse, agus is féidir na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

  • Forbhreathnú ar phróiseas na Creatlaí;
  • Sraith de Phrionsabail, Caighdeáin, Comhpháirteanna agus Deiseanna Mhachnaimh, atá oiriúnach don chineál suímh atá i gceist;
  • Treoirlínte maidir le bailiú fianaise;
  • Foirm iarratais do chlárú.

Nuair a fhaigheann an soláthróir seirbhíse ábhar den sórt sin bíonn sé/sí in ann léamh agus machnamh a dhéanamh ar na Caighdeáin. Beidh gá le treoirlínte soiléire ag an bpointe seo d'fhonn cabhrú leis an soláthróir cinneadh a dhéanamh maidir le dul ar aghaidh leis an gclárú. Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh sna treoirlínte:

  • Na híosriachtanais do chlárú;
  • Fianaise go bhfuil comhlíonadh leis an reachtaíocht agus rialachán cuí ann;
  • Sonraí maidir leis an ábhar atá le fáil sa phortfóilió fianaise le tacú leis an iarratas ar chlárú.

Síltear go mbeidh sé riachtanach cuairt measúnaithe seachtraí bunlíne chuig an suíomh a dhéanamh. Bunaithe ar an gcuairt seo, tabharfar rátáil bunlíne agus, chomh fada agus a shroichtear na híosriachtanais agus gur mian leis an suíomh leanúint ar aghaidh le próiseas na creatlaí, críochnófar an clár foirmiúil.


Scála measúnaithe - Ciallóidh cur i bhfeidhm rathúil Síolta go mbeidh gá le cinntí measúnaithe a dhéanamh maidir leis an gcaoi a mbeidh Caighdeáin agus Comhpháirteanna Cáilíochta á gcur i bhfeidhm i suímh éagsúla. Meicníocht amháin a d'fhéadfaí a úsáid leis an gcuspóir seo a bhaint amach atá sa scála thíos: Leibhéal 1. Níl aon fhianaise breathnóireachta, tuairiscithe nó doiciméadaithe de dhul chun cinn i dtreo an Chomhpháirt seo a bhaint amach.

  • Leibhéal 1. Níl aon fhianaise breathnóireachta, tuairiscithe nó doiciméadaithe de dhul chun cinn i dtreo an Chomhpháirt seo a bhaint amach.
  • Leibhéal 2. Tá roinnt fianaise ann i bhfoirm breathnóireachta, tuairiscithe nó doiciméadaithe de dhul chun cinn i dtreo an gComhpháirt seo a bhaint amach laistigh den suíomh.
  • Leibhéal 3. Tá fianaise suntasach ann i bhfoirm breathnóireachta, tuairiscithe nó doiciméadaithe de dhul chun cinn i dtreo an Chomhpháirt seo a bhaint amach laistigh den suíomh.
  • Leibhéal 4. Tá fianaise fairsing breathnóireachta, tuairiscithe nó doiciméadaithe de dhul chun cinn i dtreo an gComhpháirt seo a bhaint amach laistigh den suíomh.

Éascóidh an scála seo cur i bhfeidhm na bíse feabhsúcháin Cáilíochta (féach Fíor 3)


Próiseas bailiúcháin fianaise

D'fhonn na Caighdeáin agus Comhpháirteanna Cáilíochta a bhaint amach, ní mór go mbeadh suíomh in ann portfóilió fianaise a chur le chéile ar féidir measúnú seachtrach a dhéanamh air. Meastar go mbeidh tacaíocht sheachtrach ag teastáil lena leithéid de phortfóilió a chríochnú. Tá plé ar nádúr féideartha na dtacaíochtaí seo le fáil sa chéad chuid eile.


Próisis bhailíochtaithe

Baineann próiseas deiridh an mhúnla um dhearbhú ardchaighdeáin le bailíochtú sheachtrach na bpróiseas forbartha ardchaighdeáin inmheánach. Mar aon leis an athbhreithniú ar an bportfóilió fianaise a leag an suíomh isteach, d'fhéadfaí agallaimh, breathnuithe agus athbhreithniú ar dhoiciméadú, srl, a bheith san áireamh mar ghníomhaíochtaí bailíochtaithe eile. Ag deireadh na bpróiseas bailíochtaithe seo cuirfear tuarascálacha críochnaitheacha agus múnlaitheacha le chéile. Tá tuarascáil chríochnaitheach bunaithe ar fhiúntas a bronnadh de réir scála (féach mar atá molta thuas). Ina theannta sin, ba cheart go ndíreodh tuarascáil mhúnlaitheach, curtha i láthair mar scéal, ar réimsí láidreachta agus spriocréimsí forbartha sa todhchaí laistigh den suíomh. Ag an bpointe seo sa phróiseas, féadfar cinneadh a dhéanamh maidir le gradam a bhronnadh.


Achoimre

Bunaíodh an plé seo ar mheas forleathan ar dhearcaí fadbhunaithe atá le fáil i litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus comhairliúchán forleathan le raon leathan páirtithe leasmhara ar shárchleachtas maidir le próisis mheasúnaithe a thacaíonn le hardchaighdeán i suímh COLO. Meastar go gcuideoidh an chéad chéim eile d'fhorbairt Síolta leis an múnla seo a fheabhsú a thuilleadh, i dtreo cur i bhfeidhm Síolta i bpróiseas píolótach.