Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Síolta - Lámhleabhar Tosaigh

Cuid a Trí - Tréithe Síolta

Baineann roinnt príomhthréithe le Síolta, atá tábhachtach maidir le teacht ar thuiscint ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an Chreatlach. Cinntíonn na tréithe seo gur féidir fís na Creatlaí a bhaint amach agus go mbeidh an t-uasmhéid forthorthaí tairbheacha ann do pháirtithe leasmhara uile an COLO.

  • Tá eilimintí uile Síolta idirnasctha agus idirghaolmhar, agus ní fiú féachaint ar eilimint amháin ina haonar. Oibríonn na Prionsabail, Caighdeáin agus Comhpháirteanna Cáilíochta i dteannta a chéile le sainmhíniú comhleanúnach d'ardchaighdeán a fhorbairt i suímh COLO. Ag an am céanna, cuirfidh meicníochtaí measúnaithe agus tacaíochta le baint amach agus cothabháil na físe ardchaighdeán mar atá leagtha amach sna Prionsabail.
  • Tá Inrochtaineacht ar ghné lárnach den Chreatlach. Tá an t-ábhar atá le fáil i Síolta scríofa ar bhealach soiléir, gan athbhrí, chun tuiscint agus rannpháirtíocht fhorleathan a chur chun cinn i measc na n-úsáideoirí uile. Dearadh é ionas go mbeadh na cleachtóirí ar fad in ann é a leanúint gan stró ar bith, trí chóras dathchódaithe agus treoracha soiléire úsáide. Chomh maith leis sin, tá sé aistrithe go Gaeilge ionas go mbeidh sé éasca é a úsáid i suímh atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.
  • Tá Síolta dírithe ar phróiseas seachas ar tháirge, agus príomheilimint den Chreatlach is ea athmhachnamh a dhéanamh ar chleachtas. Cinntíonn sé seo go bhfuil an bhéim i Síolta ar thuras leanúnach, ag obair i dtreo cleachtas atá ar ardchaighdeán a bhaint amach. Feidhmíonn an Chreatlach mar uirlis fhorbarthach laistigh den phróiseas seo, a chuireann le cleachtas agus a dhéanann tuilleadh forbartha air.
  • Cuireann Síolta leis an saineolas agus an taithí náisiúnta atá ann cheana féin, agus feidhmíonn sé chun luas a chur faoin móiminteam i dtreo ardchaighdeán, atá le feiceáil go soiléir in earnáil an COLO, a bhaint amach. Ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar bheartas, cleachtas agus taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta reatha, cuireann sé pointe tagartha ar fáil do thionscnaimh ardchaighdeán náisiúnta agus idirnáisiúnta eile.
  • Príomhthréith de Síolta is ea comhionannas, agus tá gach Caighdeán profaithe maidir le comhionannas, ar aon dul leis na Prionsabail.
  • Glactar cur chuige uilechoiteann maidir le gach leanbh i Síolta. Tugtar stádas comhionann do leanaí agus aosaigh uile laistigh den Chreatlach, le béim ar na cumais agus láidreachtaí atá ag gach leanbh agus aosach.
  • Bhí oscailteacht agus trédhearcacht thar a bheith tábhachtach nuair a bhí Síolta á cheapadh. Thacaigh comhairliúchán fairsing leis na páirtithe leasmhara ar fad leis seo, comhairliúchán a bhí ar siúl roimh agus i rith an phróisis forbartha. Tá torthaí an phróisis sin foilsithe nó is furasta teacht orthu.
  • Leagann Síolta béim dhearfach ar Éagsúlacht, rud atá soiléir san imní atá ann maidir le leasanna na ngrúpaí mionlaigh agus san aitheantas atá á thabhairt d'fhéiniúlacht chultúrtha.
  • Tá Síolta deartha le bheith cuimsitheach agus infheidhmithe do leanaí uile in Éirinn, ó bhreith go sé bliana d'aois. Díríonn Síolta ar an bpoitéinseal atá ag gach leanbh forbairt agus foghlaim sna blianta tosaigh den saol.
  • Tugann an Chreatlach aitheantas, luacháil agus tacaíocht do gach aosach atá ag obair le leanaí sna blianta tosaigh den saol.
  • Gné dhílis de Síolta is ea Solúbthacht. Cinntíonn sé seo go bhfuil sé infheidhmithe agus inoiriúnaithe i raon leathan cásanna agus comhthéacsanna, agus do raon leathan úsáideoirí aonair agus foirne.

Ar deireadh, tá Síolta dúshlánach. Éilíonn sé:

  • Go ndéanaimid tréaniarracht níos mó ná na bunchaighdeáin a bhaint amach;
  • Plé, díospóireacht agus forbairt dhinimiciúil agus leanúnach, agus ag an am céanna daingniú agus príomhshruthú na rudaí dearfacha atá bainte amach againn a chinntiú;
  • Go gcinntímid go seastar le príomhluachanna agus príomhphrionsabail go docht daingean, agus ag an am céanna ag cur éagsúlacht shaibhir na gcur chuige éagsúla chun é seo a bhaint amach san áireamh;
  • Go bhforbróimid an ghairmiúlacht agus stádas gairmiúil agus féiniúlacht na ndaoine a bhíonn ag obair le leanaí óga, agus ag an am céanna ag cinntiú nach gcaillfear aon chuid den saineolas fíorluachmhar atá againn nó go bhfágfar ar leataobh é;
  • Go bhfuil gach duine againn sách cróga ligean do dhaoine eile mionscrúdú a dhéanamh ar ár gcleachtas, le súil go mbeidh tairbhe le baint as a leithéid i dtéarmaí tacaíocht a thabhairt dár bhforbairt ghairmiúil féin.