Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Síolta - Lámhleabhar Tosaigh

Cuid a hAon - Comhthéacs d'Fhorbairt Síolta

I gcomhthéacs na hÉireann tá forbairt Síolta tráthúil. Déanann sé comóradh ar bhuaicphointe sa tóraíocht ar sholáthar oideachas na luath-óige ar ardchaighdeán dár leanaí is óige, atá ar siúl in Éirinn le blianta beaga anuas.

Tá iarracht déanta ag an Lárionad an móiminteam dinimiciúil seo d'ardchaighdeán a fháil laistigh d'earnáil an COLO, agus le cabhair ó mhúnlaí idirnáisiúnta beartais, cleachtais agus taighde, tá Creatlach Náisiúnta Cáilíochta cruthaithe atá sonrach agus ábhartha do chomhthéacs na hÉireann. Déanann an chuid seo cur síos ar an gcomhthéacs d'fhorbairt Síolta, ag díriú ar pheirspictíochtaí stairiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.


Dearcaí stairiúla ar 'Ardchaighdeán'

Ní téarma coitianta ab ea an téarma 'ardchaighdeán' i bhfoclóir sheirbhísí an COLO go dtí le gairid, go príomha le deich mbliana anuas (Kiernan agus Walsh, 2004). Tá an coincheap agus an tuiscint atá againn ar ardchaighdeán i seirbhísí an COLO nasctha le comhthéacs agus sonrach ó thaobh ama de, agus bíonn an tuiscint seo ag síorathrú. Bíonn tionchar ag raon leathan fachtóirí ar athrú na tuisceana seo, lena n-áirítear forbairtí polaitiúla, sóisialta, reiligiúnacha, geilleagracha agus cultúrtha.


Go traidisiúnta, measadh cúram agus oideachas leanaí óga mar eintiteas ar leith, áit a mbíodh 'cúram' ag tarlú go príomha i dteach an linbh agus 'oideachas' ag tosú sna ranganna naíonán i mbunscoileanna. Is annamh a bhí seirbhísí an COLO, le tacaíocht Stáit, ar fáil agus is ar leanaí faoi mhíbhuntáiste nó ar leanaí a bhí i mbaol is mó a bhí siad dírithe. Tá glactha go forleathan anois leis gur gnéithe iad cúram agus oideachas atá "…inextricably linked…" agus nach féidir iad a scaradh i saol an linbh (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a:45).


Cuireadh spéis níos mó sa COLO sa tréimhse idir 1960-1990 ar go leor cúiseanna. I dtús báire, bhí taighde ag tabhairt fianaise dhoshéanta chun cinn maidir leis an tábhacht a bhaineann le COLO ar ardchaighdeán mar eilimint thábhachtach de chur ar chumas leanaí a bpoitéinseal iomlán a bhaint amach, le buntáistí ar leith do leanaí faoi mhíbhuntáiste.

Mar thoradh ar bhallraíocht na hÉireann i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ó 1973 i leith agus naisc níos forleithne le heagraíochtaí idirnáisiúnta cosúil leis An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) agus Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO), chuaigh forbairtí Eorpacha agus idirnáisiúnta i gcion ar bheartas agus ar chleachtas na hÉireann de réir a chéile. De bharr uirbiú méadaithe bhíodh teaghlaigh ina gcónaí i mbailte agus i gcathracha i gcéin óna mórtheaghlaigh a mbíodh tábhacht nach beag ag baint leo maidir le soláthar COLO sna blianta roimhe sin. Sa tréimhse seo is mó a aithníodh oideachas mar infheistíocht sa duine aonair agus sa tsochaí, agus mar réamhriachtanas lárnach do rathúlacht gheilleagrach.


Peirspictíochtaí reatha

Ach is ó 1990 i leith i ndáiríre a tugadh aird an phobail agus aird oifigiúil ar COLO ar ardchaighdeán sa chomhthéacs Éireannach. Dhá shaincheist ar leith is cúis leis an méadú spéise seo. Ar an gcéad cheann acu seo tá an t-aitheantas ar luach COLO do gach leanbh, go háirithe na leanaí le riachtanais speisialta agus na leanaí faoi mhíbhuntáiste. Ar an dara dul síos, tá an rannpháirtíocht mhéadaithe atá ag mná sa lucht oibre mar gheall ar an tsuim a cuireadh i soláthar seirbhísí mar thoradh ar fhás geilleagrach nach raibh súil leis. Dá bhrí sin, is féidir beartas a rangú i dhá chatagóir, tá an chéad cheann faoi thionchar an chomhionannais agus díríonn sé ar rannpháirtíocht na mban sa lucht oibre a éascú agus tá an dara ceann bunaithe ar luach bunúsach an COLO. Is minic a bhíonn an teannas idir an dá shaincheist seo le tabhairt faoi deara i mbeartas, cleachtas agus taighde COLO na hÉireann.


Tá trí phríomhroinn rialtais a bhfuil freagracht orthu as seirbhísí COLO in Éirinn, eadhon an Roinn Oideachais agus Eolaíochta [DES], an Roinn Sláinte agus Leanaí [DHC] agus an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí [DJELR]. Chuir na ranna sin uile foilseacháin thábhachtacha le chéile, nó bhí baint acu lena leithéid, le blianta beaga anuas, ag bunú beartais náisiúnta do sheirbhísí COLO. Tríd is tríd, cuireann beartas rialtais tábhacht an COLO don gheilleagar agus don tsochaí san áireamh. Mar shampla, tá an COLO san áireamh sa Chlár um Rathúnas agus Cothroime (Rialtas na hÉireann, 1999a), Plean Forbartha Náisiúnta na hÉireann 2000-2006 (Rialtas na hÉireann, 1999b), agus san Agreed Programme for Government (Roinn an Taoisigh, 2002) a bhaineann leis an gcomhrialtas reatha agus i gComhaontú reatha na gComhpháirtithe Sóisialta, Ag Coinneáil an Dul Chun Cinn (Roinn an Taoisigh, 2003).


Chomh maith leis sin bhí tionchar ag cineál an teaghlaigh a bheith ag athrú ar eispéiris leanaí sna luathbhlianta sin, le héagsúlacht níos mó i ndéantús teaghlach atá difriúil le teaghlaigh thraidisiúnta 'núicléacha'. Bhí líon áirithe príomhfhorbairtí socheacnamaíocha agus cultúrtha in Éirinn le blianta beaga anuas, ag a raibh éifeacht ollmhór ar chumraíocht shochaí na hÉireann. Ó thaobh na sochaí de, rinneadh dul chun cinn suntasach i rith na tréimhse sin maidir le haitheantas a thabhairt do chearta leanaí. Is é United Nations Convention on the Rights of the Child (Na Náisiúin Aontaithe [UN], 1989) a dhaingnigh Éire i 1992, an ceann is suntasaí acu sin, chomh maith le bunú roinnt grúpaí abhcóideachta leanaí chun dul i mbun feachtais ar son cearta leanaí. Tá athrú inbhraite tagtha freisin ar bheartas agus ar chleachtas na hÉireann maidir le seasamh agus cóireáil leanaí sa tsochaí.


Déimeagrafaic agus staitisticí

In 2004, sháraigh daonra na hÉireann ceithre mhilliún den chéad uair ó dheireadh an naoú céad déag. Is leanaí ó bhreith go sé bliana d'aois thart ar 10% den daonra seo (An Phríomh-Oifig Staidrimh [CSO], 2005a). Tá níos mó agus níos mó daoine ina gcónaí i gcathracha anois, agus is ag máithreacha aonair a bhíonn thart ar 30% de leanaí. Tá tionchar freisin ag méadú i rathúlacht gheilleagrach ar chéatadán na mban atá sa lucht oibre, go háirithe mná le leanaí. Le deich mbliana anuas, tá méadú tagtha ar chéatadán na mban sa lucht oibre ó 41.4% i 1995 go dtí 55.8% in 2004 (CSO, 2005a:33).

Níos suntasaí arís, tá 76.8% de mhná idir 25-34 ag obair anois, agus tá méadú ag teacht ar líon na máithreacha le leanaí óga atá sa ghrúpa sin (CSO, 2005c:Tábla 9). Mar thoradh ar rathúlacht mhéadaithe tá níos mó tarraingt ag náisiúnaigh choigríche agus ag oibrithe eile ar an tír, rud a chuireann le héagsúlacht chultúrtha agus eitneach shochaí na hÉireann. Mar thoradh ar an rathúlacht gheilleagrach inbhuanaithe seo, tá an dara ráta is airde GDP (Olltáirgeacht Intíre) per capita san AE ag Éirinn (CSO, 2005a:18). In ainneoin na rathúlachta seo, tá ceann de na rátaí is airde bochtaineachta leanaí san AE ag Éirinn fós, agus 14.6% de leanaí ag maireachtáil faoi bhochtaineacht leanúnach in 2003 (CSO, 2005b:4).


Ar aon dul leis na hathruithe geilleagracha seo, tá athrú tagtha freisin ar struchtúr sóisialta shochaí na hÉireann. Le deich mbliana anuas, rinneadh colscaradh dleathach, tá meath tagtha ar thionchar na bpríomheaglaisí ar mhuintir na hÉireann agus tá claonadh ginearálta i dtreo sochaí níos neamheaglasta. Tá méadú suntasach tagtha ar thionchar na meán agus ar thionchar domhandaithe, go háirithe dírithe ar leanaí óga, agus tá Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (ICT) le sonrú i ngach gné de chúrsaí oibre agus caitheamh aimsire. Tá aird tarraingthe ag cásanna ardphróifíle a bhaineann le mí-úsáid ghnéis leanaí ar an riachtanas atá ann do chórais chúraim agus chosanta níos fearr do leanaí.


Comhthéacs beartais náisiúnta

Le blianta beaga anuas, bunaíodh roinnt doiciméad agus cinntí beartais thábhachtaigh ar dhearcadh shochaí na hÉireann ar leanaí agus dá bharr sin tháinig athrú ar an dearcadh freisin. Is cruthú é foilseachán an Lárionaid, Spléachadh ar an Ardchaighdeán (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige, 2004b) ar shaibhreas na ndoiciméad a cuireadh le chéile i gcomhthéacs na hÉireann ó 1990 ar shaincheist na hardcaighdeáin. Tá an bheocht seo le feiceáil go háirithe sna blianta tar éis na mílaoise, rud a léiríonn iarrachtaí na hearnála seirbhísí ar an gcaighdeán is airde a sholáthar. Tabharfaidh an chuid seo aghaidh ar na buaicphointí san aistear seo i dtreo ardcaighdeáin, agus tá tuilleadh faisnéise agus anailíse ar fáil i bhfoilseachán réamhluaite an Lárionaid, Spléachadh ar an Ardchaighdeán. Áirítear orthu sin:


These include:

1990 - 2000

  • Daingniú na hÉireann ar United Nations Convention on the Rights of the Child i 1992 (Na Náisiúin Aontaithe, 1989).
  • An tAcht um Chúram Leanaí (1991) (An Roinn Sláinte [DoH], 1991) agus na Rialacháin um Chúram Leanaí (Réamhscoil) a bhaineann le gach suíomh réamhscoile (seachas feighlithe linbh atá ag tabhairt aire do thriúr leanaí nó níos lú (seachas a leanaí féin) ina dteach féin agus Tús Luath) (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 1998).
  • Bunú Comhaontas Cearta Leanaí i 1993.
  • Tuarascáil an Choimisiúin ar an Teaghlach, Strengthening Families for Life (An Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh [DSCFA], 1998).
  • The Report on the National Forum for Early Childhood Education (Coolahan, 1998)
  • Achtú an Achta Oideachais (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1998) agus an Achta Oideachais (Leas) (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2000), a thacaíonn le gach gné den chleachtas i mbunscoileanna.
  • An Páipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige, Ready to Learn (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 1999a).
  • Curaclam Athbhreithnithe na Bunscoile a thabhairt isteach i ranganna naíonán (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 1999b).
  • An Straitéis Náisiúnta Cúraim Leanaí (An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, 1999).
  • Treoirlínte a chur le chéile do chosaint agus leas leanaí i bhfoirm Children First (DHC, 1999) agus Our Duty to Care (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2002).

2000

  • An Straitéis Náisiúnta Leanaí, Our Children, Their Lives (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2000).
  • Bunú Oifig Náisiúnta Leanaí (NCO) in 2000.
  • Tús an Chláir Comhdheiseanna do Chúram Leanaí (EOCP) (2000).

2001

  • Achtú Acht na Leanaí, 2001 (An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, 2001).
  • Bunú Údarás Náisiúnta Cáilíochta na hÉireann (NQAI) agus na comhlachtaí dámhachtana a bhaineann leis, Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) agus Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC).
  • Bunú líonraí de Choistí Cúraim Leanaí Contae agus Cathrach in 2001-2002.

2002

  • Foilsiú Creat Eiseamlárach d'Oideachas, d'Oiliúint agus d'Fhorbairt Ghairmiúi san Earnáil Luathchúraim agus Oideachais Leanaí (An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, 2002).
  • Bunú an Lárionaid um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige.

2003

  • Ceapachán Ombudsman do Leanaí.
  • Bunú na Gníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh.

2004

  • Foilsiú na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ar I dTreo Creata don Luathfhoghlaim (NCCA, 2004).
  • Bunú an Achta Oideachais do Dhaoine le Riachtanais Speisialta Oideachais (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004c).
  • OECD Thematic Review of Early Childhood Education and Care Policy in Ireland (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004b).

2005

  • Bunú na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta.
  • Foilsiú an Early Childhood Care and Education Report (An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, 2005) ag an bhFóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach (NESF).

Feidhmíonn an raon breá seo d'fhoilseacháin agus tionscnaimh bheartais mar shlat tomhais i réimse dearcaí athraitheacha agus soláthair mhéadaithe do leanaí sa tsochaí. Feidhmíonn siad freisin mar fhoinse luachmhar sonraí agus saineolais as ar féidir soláthair COLO don todhchaí a thógáil. In ainneoin líon agus raon leathan na bhfoilseachán, agus na dtionscnamh beartais agus cleachtais, áfach, tá go leor fós le baint amach maidir le soláthar seirbhísí ar ardchaighdeán dár leanaí is óige.

Cuireann an tuarascáil a tháinig ón Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach le deireanas (An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, 2005:33) "…a picture of relative inaction, peripheral implementation and drift" maidir le cur i bhfeidhm beartas den sórt sin i gcomhthéacs na hÉireann agus an gá le straitéisí a chur i bhfeidhm agus a chomhordú d'fhonn cuspóirí beartais den sórt sin a bhaint amach. Sa chomhthéacs seo, molann an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach 'Creatlach Beartais' don COLO don tréimhse 2005-2015. Cuid lárnach den phlean seo is ea an prionsabal de sheirbhísí ar ardchaighdeán agus éilíonn an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach creatlach rialúcháin d'earnáil an COLO, áit a ndéanfar na rialacháin reatha agus forálacha Síolta a chomhtháthú (Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, 2005:73).


An ní is suntasaí a rinneadh laistigh den chomhthéacs náisiúnta, is ea gur chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, tríd an bPáipéar Bán ar an Oideachas LuathÓige, Ready to Learn (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a), saincheist na hardcaighdeáin chun cinn sa bheartas. Gné lárnach den Pháipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige ab ea saincheisteanna ardcaighdeáin, a d'aithin an chastacht a bhain leis na hathróga statacha agus dinimiciúla den ardcaighdeán a aithint agus a thomhas, agus na peirspictíochtaí ar fad inar bh'fhéidir féachaint ar ardcaighdeán (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a:53). Mhol Ready to Learn marc "Quality in Education" (QE) a thabhairt isteach do sheirbhísí a chomhlíonann caighdeáin cáilíochta chomhaontaithe. Shonraigh an Páipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige go gcuirfí curaclam agus modheolaíocht, cáilíochtaí agus oiliúint, agus ionchuir san áireamh mar chaighdeáin cháilíochta, agus tá forbairt déanta ag Síolta ar na moltaí seo.


Tháinig Curaclam na Bunscoile (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999b) chun cinn ag an am céanna leis an bPáipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige, agus baineann ábharthacht ar leith leis mar go bhfuil thart ar leath na leanaí ar fad atá ceithre bliana d'aois agus beagnach gach leanbh atá cúig bliana d'aois ag freastal ar ranganna naíonán sna bunscoileanna lena mbaineann an curaclam seo (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004a:15). Luaitear ardchaighdeáin ar an gcéad phríomh-shaincheist in oideachas bunscoile agus cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcuraclam do sheirbhísí ardchaighdeáin (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999b:26 Réamhrá). In 2004, d'fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) I dTreo Creatlach don Luathfhoghlaim - Doiciméad Comhairliúcháin, le súil "…deiseanna foghlama atá saibhir, dúshlánach agus taitneamhach mar is cuí a chur ar fáil do leanaí ó bhreith go dtí sé bliana d'aois." (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, 2004:14). Tiocfaidh creatlach curaclaim An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus Síolta le chéile chun seirbhísí ar ardchaighdeán a bhaint amach dár leanaí is óige. Le gairid, luann Comhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (DEIS) gur gné ríthábhachtach é oideachas na luath-óige maidir le cuimsiú oideachais a chinntiú do chách (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2005).

Fianaise bhreise ar an spéis atá ag an tsochaí i raon agus caighdeán na seirbhísí a fheabhsú is ea rannpháirtíocht na hÉireann in Athbhreithniú na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta ar COLO. Thug an tAire Oideachais agus Eolaíochta aitheantas dó seo sa Réamhrá don Thematic Review of Early Childhood Education and Care Policy in Ireland:

"Research has shown that access to quality pre-school services plays a vital role in preparing children for entry into primary education. It also has potentially significant long-term benefits both to the individual and society"
(An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004b:Foreword)

Mhol Athbhreithniú An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta go leor gnéithe a bhaineann le soláthar in Éirinn, lena n-áirítear earnáil dheonach agus pobail ghníomhaigh, líonra oideachais luath-óige seanbhunaithe laistigh de ranganna naíonán sna bunscoileanna agus spiorad láidir comhpháirtíochta ar leibhéal áitiúil. D'aithin sé freisin, áfach, roinnt gnéithe laga sa chóras, le moltaí ag díriú ar ghnéithe a bhain le comhordú, rochtain agus ardchaighdeáin. Maidir le hardchaighdeáin, d'athluaigh athbhreithniú An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta an tábhacht a bhaineann le:

"The formulation of a common Quality Framework for centrebased programmes for young children, focusing on agreed standards for services. A Quality Framework would include a description of what families can expect from centres, whether public or private…"
(An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004b:9)

Comhthéacs cleachtais náisiúnta

Tá éagsúlacht soláthair seirbhíse do leanaí ó bhreith go sé bliana d'aois in earnáil an COLO in Éirinn, rud a shamhlaítear mar phríomhláidreacht maidir le rogha tuismitheoirí. Áirítear ar an raon seirbhísí agus suíomh sin, mar shampla, feighlíocht leanaí, naíolanna, creiseanna, spraoighrúpaí, grúpaí naíonraí, réamhscoileanna agus ranganna naíonán i mbunscoileanna. Tá forbairt tagtha ar na suímh seo ó raon traidisiún agus bunús, agus gníomhaíonn siad faoi scáth fealsúnachtaí éagsúla, ach fós féin tá siad aontaithe ag a bpríomhdhualgas oibre, is é sin cúram agus oideachas an linbh óig. Tá formhór na suíomh seo (seachas scoileanna agus feighlithe leanaí ar leith) á rialú ag na Rialacháin um Sheirbhísí Cúraim Leanaí (Réamhscoil) (DHC, 1998). Tá reachtaíocht do ranganna naíonán na mbunscoileanna, a fhreastalaíonn ar fhormhór na leanaí atá ceithre agus cúig bliana d'aois, san Acht Oideachais (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1998) agus san Acht Oideachais (Leas) (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2000). Faoi láthair, níl mórán ceangail nó pointí tagartha idir an dá chóras rialacháin agus iniúchta sin.

Seachas ranganna naíonán i mbunscoileanna, is seirbhísí pobail/deonacha nó príobháideacha iad formhór na seirbhísí seo. Faigheann siad maoiniú ó tháillí nó ó thacaíocht ó raon rann rialtais, go háirithe an Roinn Sláinte agus Leanaí agus an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Tá baint ag an Roinn Sláinte agus Leanaí le seirbhísí réamhscoile a sholáthar do líon áirithe leanaí faoi mhíbhuntáiste nó atá i mbaol. Lena chois sin, déanann an Roinn Sláinte agus Leanaí iniúchadh ar chur i bhfeidhm Rialachán Réamhscoile sna suímh COLO réamhluaite. Is ar shláinte, sábháilteacht agus leas an linbh is mó a chuireann na rialacháin béim chomh maith le comhlíonadh le reachtaíocht a chinntiú.

Is trí a dualgas oibre comhionannais maidir le rannpháirtíocht ban sa lucht oibre is mó a bhfuil baint ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an COLO. Sa bhliain 1999, chuir an Roinn sin Straitéis Náisiúnta Leanaí (DJELR, 1999) chuimsitheach le chéile, agus tá roinnt de na moltaí sa straitéis sin á gcur i bhfeidhm tríd an gClár Comhdheiseanna Cúraim Leanaí (EOCP). Le linn na tréimhse 2000-2006, tá An Clár Comhdheiseanna Cúraim Leanaí ag cur €449 milliún ar fáil d'fhorbairt cúraim leanaí; chun a chaighdeán a fheabhsú, chun cainníocht a mhéadú agus chun cur chuige comhordaithe i leith seachadadh seirbhíse a thabhairt isteach (DJELR, 2004:11). Tá snáithe ar leith laistigh den gClár Comhdheiseanna Cúraim Leanaí, ar a bhfuil €85 milliún leithdháilte, tiomanta d'fheabhsúchán ardchaighdeán i suímh COLO trí oideachas agus oiliúint a sholáthar agus trí ghréasáin tacaíochta a bhunú do sholáthróirí cúraim leanaí (Area Development Management [ADM], 2003). Tá an snáithe seo á chur i bhfeidhm go príomha trí thacú le baill den Chomheagraíocht Náisiúnta Deonach um Chúram Leanaí (NVCC)3 agus líonra de thríocha trí Coiste Cúraim Leanaí Cathrach agus Contae.

Cuireann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta roinnt áiseanna réamhscoile ar fáil ar bhonn spriocdhírithe do leanaí faoi mhíbhuntáiste nó i mbaol a bheith faoi mhíbhuntáiste, go háirithe Tionscadal Shráid Rutland, Réamhscoileanna don Lucht Siúil agus Tús Luath, agus tá an Roinn sin freagrach as na ranganna naíonán sna bunscoileanna freisin.



Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha

Le deich mbliana anuas, rinneadh forbairt ar raon leathan seirbhísí COLO lasmuigh den teaghlach, san earnáil dheonach/phobail agus phríobháideach den chuid is mó. Áirítear orthu sin feighlíocht leanaí, altramas lae, grúpaí naíonraí, spraoighrúpaí, creiseanna, spraoighrúpaí pobail, naíonraí lae agus réamhscoileanna. Go traidisiúnta, ní raibh go leor acmhainní ná go leor forbartha déanta ar an eilimint neamhreachtúil seo de sheirbhísí an COLO agus tá an struchtúr reatha fós i dtús forbartha. Bunaíodh eagraíochtaí ballraíochta chun tacú leis na seirbhísí sin, agus tá baint ag an gcuid is mó de na heagraíochtaí ballraíochta anois le comhoibriú níos fearr trína rannpháirtíocht san NVCC. Bhí páirt mhór ag na heagraíochtaí seo maidir le tacaíocht a chur ar fáil agus maidir le doiciméid a chur le chéile chun seirbhísí ar ardchaighdeán a chur chun cinn i measc a mball (féach An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b).

Bhí baint ag forbairtí a tharla le gairid in earnáil an COLO in Éirinn le roinnt de na heagraíochtaí sin agus iad ag forbairt agus ag cur i bhfeidhm clár um dhearbhú ardchaighdeán agus clár um fheabhsúchán ardchaighdeán. Fuarthas formh ór an mhaoinithe dóibh sin faoin gClár Comhdheiseanna Cúraim Leanaí (2000-2006). Cé go bhfuil difríochtaí idir comhdhéanamh agus stíl chuir i bhfeidhm na gclár éagsúil seo, léirigh scrúdú ar an ábhar atá iontu agus ar a modus operandi a rinne an Lárionad, comhsheasmhacht agus comhaontú suntasach ina bpríomhphróisis (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004:81). Chuir Síolta leis an gcomhaontú seo d'fhonn a chinntiú go n-úsáidfear an saineolas a forbraíodh laistigh d'earnáil an COLO chun seirbhísí ar ardchaighdeán a chinntiú dár leanaí is óige. Lena chois sin, feidhmeoidh sé mar phointe tagartha coitianta agus mar chreatlach áit ar féidir le tionscnaimh dearbhaithe/feabhsúcháin eile gníomhú.

Tá an Lárionad thar a bheith sásta leis an bhfreagairt dhearfach ón earnáil maidir le forbairt Síolta. Ón tús, fuair an Lárionad tacaíocht iontach ón earnáil ar fad agus dá bharr sin cuireadh fóram ar fáil chun saincheisteanna ardchaighdeán a phlé ag comhdhálacha agus seimineáir éagsúla. Is fiú Comhdháil Idirnáisiúnta an Lárionaid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a bhí ar siúl i Meán Fómhair 2004 a lua. Questions of Quality a bhí mar theideal ar an gcomhdháil (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2005a). Thug an chomhdháil seo éagsúlachtaí peirspictíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta le chéile ar ardchaighdeán sa COLO agus is próiseas thar a bheith luachmhar a bhí ann agus an Lárionad agus an Chreatlach á bhforbairt.



Comhthéacs taighde náisiúnta

Go traidisiúnta ní raibh go leor forbartha nó acmhainní ar fáil do thaighde ar an COLO in Éirinn. Thug Iniúchadh Taighde an Lárionaid faoi deara gur luadh "...saincheist na cáilíochta mar ghné lárnach." (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2003a:52) i ngach foilseachán rialtais le deireanas maidir le COLO. Maidir le taighde ag díriú go sonrach ar shaincheist na hardchaighdeán, áfach, is beag gníomhaíocht a bhí ann ar chor ar bith i gcomhthéacs na hÉireann. Léirigh an t-iniúchadh nár bhain ach caoga trí den 1,082 foilseachán liostaithe go díreach le saincheist na hardchaighdeán. Is mór an t-iontas é seo nuair a chuimhnítear ar an leibhéal ard díospóireachta a bhaineann le hardchaighdeán in Éirinn, mórán dó sin nach bhfuil bunús an taighde dhúchasaigh leis. Tá tús curtha ag Research Strategy an Lárionaid (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2003b) le haghaidh a thabhairt ar an easpa taighde sin trí thionscadail taighde a bhaineann le hardchaighdeán a chríochnú, a choimisiúnú agus trí thacú leo. Tá sé seo le feiceáil san fhoilseachán ar shraith táscairí deabhraistinte linbh (NCO, 2005) agus taighde eile déanta ag ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile.

Chomh maith leis sin, tá méadú tagtha ar an tsuim atá i saincheist na hardchaighdeán i measc an phobail taighde níos leithne, mar atá le feiceáil ón méadú atá tagtha ar fhoilseacháin taighde ar ardchaighdeán le deireanas atá luaite in Spléachadh ar an Ardchaighdeán (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b). Ina theannta sin, de bharr athbheochan chomhdháil OMEP Ireland ón mbliain 2002 agus leathnú ar fhóraim chosúla eile do roinnt agus scaipeadh faisnéise, tá feabhas tagtha ar áisiúlacht agus inrochtaineacht faisnéise den sórt sin. Is fianaise bhreise ar an méadú atá tagtha ar an gcomhthéacs taighde é gur thionóil Éire Comhdháil EECERA i mí Mheán Fómhair 2005. Tharla sé seo ag an am céanna agus a tháinig deiseanna níos mó chun cinn d'oiliúint agus oideachas iarchéime sa COLO i roinnt coláistí agus ollscoileanna tríú leibhéal, rud a chuir leis an méid saineolais taighde atá ar fáil in Éirinn.



Comhthéacs idirnáisiúnta

Is léiriú ar threochtaí idirnáisiúnta é an phróifíl mhéadaithe atá ag an COLO in Éirinn. Aithníodh é seo i dTuarascáil na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), Starting Strong (OECD, 2001:135), a chuir béim ar an bpointe "…quality is high on the agenda…". Tá sé cruthaithe ag taighde idirnáisiúnta, go háirithe staidéir fhadtréimhseacha, go bhfuil nasc idir soláthar ardchaighdeán agus torthaí forbarthacha dearfacha fadtréimhseacha do leanaí (Sammons et al., 2002, Mooney et al., 2003). Cinntíonn buntáistí an COLO maidir le torthaí dearfacha sóisialta, oideachais agus mothúchánacha, a laghdaíonn na drochéifeachtaí a bhaineann le bochtaineacht agus míbhuntáiste agus a chuireann comhdheiseanna chun cinn d'fhir agus do mhná, go mbíonn tús áite aige i mbeartais roinnt mhaith tíortha (Martin, 2001).

Ceann de na piléir thaighde a thacaíonn le forbairt Síolta ba ea athbhreithniú idirnáisiúnta ar ardchaighdeán i sé thír, Making Connections (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004c). Léiríonn an staidéar seo ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta raon agus fairsinge na múnlaí soláthair COLO i bhfeidhm, gach ceann acu ag feidhmiú go rathúil ina ndlínsí féin. Léirigh an t-athbhreithniú nach bhfuil aon mhúnla idéalach amháin ann agus gurb é gnó gach tír córas COLO a fhorbairt a thagann lena suíomh ar leith. Mar shampla, d'fhéadfadh múnla atá thar a bheith rathúil i gcomhthéacs amháin a bheith neamhfheiliúnach go hiomlán do chomhthéacs eile, agus cé gur féidir linn ceachtanna a fhoghlaim ó dhlínsí eile, moltar go láidir gan múnlaí eachtrannacha a úsáid. Seo a leanas cuid de na hollcheachtanna atá le foghlaim, gnéithe atá coitianta d'ardchaighdeán a bhaint amach go hidirnáisiúnta:

  • Creatlach beartais chomhordaithe;
  • Úsáid a bhaint as sainmhíniú leathan agus solúbtha ar ardchaighdeán a chuireann peirspictíochtaí éagsúla na bpáirtithe leasmhara san áireamh;
  • Creatlach measúnaithe a bheith i bhfeidhm atá comhairleach agus ionchumhachtaithe;
  • Tiomantas agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ar fad;
  • Dlúth-rannpháirtíocht, agus comhpháirtíocht le, tuismitheoirí;
  • Infrastruchtúr tacaíochta a sholáthar a chinntíonn go mbaintear ardchaighdeán amach agus go ndéantar í a chothabháil;
  • Béim ar oiliúint agus ar cháilíocht na gcleachtóirí;
  • Cur chuige comhtháite i leith leanaí faoi mhíbhuntáiste nó leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b).

Lena chois sin, d'aithin an t-athbhreithniú contanam ardchaighdeán a bhí le brath sna sé thír a bhí faoi athbhreithniú, ag dul ó sheirbhísí COLO domhanda ar bhain soláthar ar chaighdeán íseal leo go dtí seirbhísí ar ardchaighdeán. Tá dul chun déanta ag an Iorua agus ag an tSualainn, a bhfuil córais COLO inmhaíte acu anois, ar an gcontanam seo le blianta anuas chun a seasamh reatha a bhaint amach. Cé go bhfuil seirbhísí COLO san Iorua agus sa tSualainn neamhrialaithe den chuid is mó faoi láthair, is tréimhse de rialúchán lárnach agus dian a bhí i bhfeidhm roimhe seo, agus bhí tionchar dearfach aige sin ar a hardchaighdeán. Cuireann sé sin ar chumas tíortha den sórt sin béim níos mó a chur ar na gnéithe dinimiciúla d'ardchaighdeán mar go bhfuil caighdeán na n-athróg statach dearbhaithe anois. Tá Éire, agus tíortha eile san athbhreithniú, ag staid níos luaithe forbartha ar an gcontanam seo. Cuireann Síolta an contanam forbartha seo san áireamh, rud a léiríonn feasacht ar sheasamh reatha na hÉireann ar an gcontanam agus a bheartaíonn dul chun cinn níos mó de sheirbhísí COLO.

Ina theannta sin, ghlac Éire páirt i roinnt athbhreithnithe trasnáisiúnta maidir leis an COLO a fuair sonraí luachmhara ina leith seo (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b:39-42).



Achoimre

Foilsítear Síolta ag am a bhfuil béim náisiúnta agus idirnáisiúnta nach bhfacthas riamh cheana ar shaincheist seirbhísí COLO ar ardchaighdeán, agus a ról maidir le feabhas a chur ar an saol dár leanaí is óige. Tiomsaíonn sé agus bailíonn sé comh-mhóiminteam earnáil an COLO le blianta beaga anuas i dtreo ardchaighdeán a bhaint amach agus cuireann sé pointe tagartha ar fáil dóibh siúd ar fad atá bainteach le seirbhísí COLO san iarracht seo. Tá obair mhór déanta le deich mbliana anuas i dtreo comhthéacs beartais, cleachtais agus taighde a sholáthar a thacaíonn le soláthar ardchaighdeán dár leanaí is óige.

Tá infheistíocht na hÉireann i seirbhísí COLO níos lú ná 0.2% den Olltáirgeacht Náisiúnta, áfach, figiúr i bhfad taobh thiar den mheán Eorpach (OECD, 2004). Is páirtí gníomhach í Éire san Aontas Eorpach le blianta anuas agus tá a síniú le conclúidí Chomhairle Eorpach Barcelona (2002) chun cúram leanaí a sholáthar faoi 2010 do 90% ar a laghad de leanaí idir trí bliana agus sé bliana d'aois, agus do 33% de leanaí faoi thrí bliana d'aois (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004b:20). Cé go bhfuil go leor bainte amach, tá Éire tiomanta i bhfad níos mó a bhaint amach sna blianta amach romhainn, tiomantas a rachaidh chun sochair leanaí uile na hÉireann, agus ar deireadh a rachaidh chun sochair na sochaí ina hiomláine.