An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Buíochas
Ní bheadh foilsiú Síolta indéanta gan tacaíocht leanúnach
agus ról dearfach raon leathan eagraíochtaí agus daoine
aonair. Ba mhór leis an Lárionad an deis seo a thapú le
haitheantas a thabhairt do dhíograis agus do thiomantas
leanúnach phobal chúram agus oideachas na luath-óige in
Éirinn. Arís eile tá a gcion déanta ag an bpobal seo maidir
le beartas a fhorbairt a thacóidh agus a fheabhsóidh soláthar
seirbhísí ar ardchaighdeán do na leanaí is óige. Cuireadh
tuairimí, dearcaí agus moltaí an ghrúpa leathain agus éagsúil
seo os comhair an Lárionaid trí bhallraíocht ár gCoiste
Chomhairligh.
Thug na heagraíochtaí seo léargas luachmhar
dúinn ar na gnéithe uile a bhaineann le hardchaighdeán i
seirbhísí Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLO) in
Éirinn, agus chabhraigh siad go mór le cothromaíocht
agus cothromas béime a bhaint amach in ábhair na Creatlaí.
D'oibrigh na daoine aonair a rinne ionadaíocht ar na
heagraíochtaí seo gan staonadh d'fhonn maoirsiú a dhéanamh
ar fhorbairt na Creatlaí dá ngrúpaí féin. Lena chois sin, roinn
roinnt eagraíochtaí ábhair shonracha linn, rud a chabhraigh
linn beartais agus nósanna imeachta agus reachtaíocht agus
rialachán a aithint atá ábhartha do shuímh COLO.
Tá tagairt
speisialta tuillte freisin ag baill ár Sain-Ghrúpa Oibre ar
aistriúchán Gaeilge a chinntigh ní amháin go mbeadh leagan
Gaeilge na Creatlaí ábhartha agus go mbeadh brí le baint as,
ach a rinne go leor oibre maidir le téarmaíocht choitianta, atá
cuí don COLO, a fhorbairt in Éirinn. D'éirigh linn ár gClár Oibre
a bhaint amach a bhuíochas sin do Bhord Bainistíochta agus
Coiste Stiúrtha an Lárionaid a chur taithí, saineolas agus
críonnacht fhíorluachmhar ar fáil ar bhealach comhsheasmhach
agus flaithiúil.
Ar deireadh thiar, gabhaimid buíochas leis na
daoine aonair uile sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta as ucht
na cabhrach gairmiúla agus éifeachtúla a chur siad ar fáil.
Tá súil againn, le foilsiú Síolta, go ndéanfar athnuachan agus
neartú ar an tiomantas d'ardchaighdeán, atá le brath go láidir
in earnáil an COLO in Éirinn, "an triail ar bharrfheabhas ag a
bhfuil an acmhainn le hathrú a dhéanamh".