An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Chun gach gné de chleachtas laistigh den suíomh a shaibhriú agus a threorú, is gá timthriallta breathnóireachta, pleanála, gnímh agus meastóireachta a dhéanamh go rialta.
Comhpháirt 8.1 | Comhpháirt 8.2 | Comhpháirt 8.3 | Comhpháirt 8.4
Comhpháirt 8.1 - Déantar athbhreithniú rialta ar gach aon réimse Caighdeánach cleachtais trí phróisis oiriúnaithe cuí breathnadóireachta, pleanála, gníomhaíochta agus meastóireachta.
Deis Mhachnaimh
8.1.1Cé na cineálacha próiseas athbhreithnithe atá oiriúnach do gach ceann den 16 Chaighdeán a bhaineann go sonrach le Síolta?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé chomh minic is a ndéanann tú athbhreithniú sna catagóirí cleachtais ar na Caighdeáin?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé na gnéithe de na Caighdeáin a dteastaíonn níos athbhreithniú ná a chéile uathu?
Comhpháirt 8.2 - Tá struchtúir athbhreithnithe aontaithe, a bhfuil fianaise scríofa orthu ag an suíomh.
Deis Mhachnaimh
8.2.1Cé na struchtúir athbhreithniúcháin atá i bhfeidhm i do shuíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 8.3 - Tá córas ann chun cinnte a dhéanamh de go dtagann athruithe i gcleachtas as na próisis athbhreithnithe.
Deis Mhachnaimh
8.3.1Nuair a bhíonn athrú ag teastáil, cén chaoi a gcuireann tú an t-athrú sin i bhfeidhm?
Cá bhfaighidh tú tacaíocht agus tú ag glacadh páirte san athrú?
Comhpháirt 8.4 - Déantar taifeadadh, stóráil, agus roinnt ar thorthaí na struchtúr agus próiseas athbhreithnithe, mar is cuí.
Deis Mhachnaimh
8.4.1Cén chaoi a ndéantar doiciméadú ar an bpróiseas athbhreithnithe?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a gcinntíonn tú go gcoinnítear taifid mar is cuí, agus faoi rún? Féach 10.6 Féach 12.2/12.3